Séamas Mac Giolla Phádraig
Iar-imreoir iomána Éireannach as mBaile Héil, Contae Chill Chainnigh é Séamas "Cha" Mac Giolla Phádraig (Béarla: ''James "Cha" Fitzpatrick''), a rugadh ar 31 Eanáir, 1985. Iománaí tréitheach óg é, atá ag baint cáil amach leis an gclub Na Seamróga Baile Héil agus an fhoireann idirchontae Cill Chainnigh chomh maith. Ina mhionúrach dó, bhuaigh sé Craobh na hÉireann sna blianta 2002 agus 2003, agus Craobh na hÉireann san fhoireann faoi-21 sa bhliain 2004. Ainmníodh é ina chaptaen sa bhliain seo.Ba bhliain iontach é 2006 do "Cha" - d'imir sé san fhoireann a bhuaigh Craobh Iomána Shinsearach na hÉireann 2006, Craobh Iomána Shinsearach Laighean, Corn an Bhreathnaigh agus an Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta. Chomh maith le sin, bhain sé bonn amach leis an bhfoireann faoi-21 i gCraobh Laighean agus i gCraobh na hÉireann. Bhí rath air lena chlub Na Seamróga freisin - Sraithchomórtas Shinsearach Chill Chainnigh, agus Craobh Shinsearach Chill Chainnigh. Lean na Seamróga ar aghaidh agus bhí an bua acu i gCraobh Iomána Chlubanna Sinsearacha Laighean.
Bronnadh a chéad ghradam air mar dhuine de Shárimreoirí na Bliana sa bhliain 2006, agus roghnaíodh é mar Óg-Imreoir na Bliana freisin. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2LEABHARde réir White, Osmar, 1909-1991Rannpháirtithe: “…Fitzpatrick, James…”
Foilsithe / Cruthaithe 1961