Edward Teller
Fisiceoir a saolaíodh i mBúdaipeist agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea Edward Teller (15 Eanáir 1908 – 9 Meán Fómhair 2003). Chuir sé go mór leis an tuiscint nua-aoiseach ar bhunús fhuinneamh na Gréine, an comhleá ina croíleacán. Ball d'fhoireann Fermi a chuir an chéad imoibriú slabhrúil núicléach ar siúl i 1941. D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach eamhnaithe a fhorbairt i Los Alamos, 1943-1945. Thacaigh sé le forbairt an H-bhuama chomhleáite is a thástáil i 1952. Arna chur ar fáil ag Vicipéid-
1